School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 257

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 257

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 257
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí trí máighistrí ar na feirmeóirí fadó, fé mar a déarfadh na sean-daoine leat, an báille, an tiománaidhe agus an "agent".

    Bhí trí máighistrí ar na feirmeóirí fadó, fé mar a déarfadh na sean-daoine leat, an báille, an tiománaidhe agus an "agent." Dhá uair sa bhliadhain a dhíolaidís an cíos. Thagadh an báille cúcha mar seo cúpla lá roimh an aonaigh, agus thugadh sé órdú dian d'fhear an tighe an cíos bheith aige lá an aonaigh. Annsan thagadh fear a' tighe sa chathair, agus thugadh sé an cíos do'n agent. Muna ndíólfadh sé an cíos i gcionn ama áirighthe bheadh an sirriam chuige. Bhí fear i bparóiste na Droimide nár dhíol pingin cíosa tráth tráth éigin de'n bhliadhain. Tháinig an báille chuige agus bhí fhios aige seo go raibh sé ag teacht. Do dhún sé an doras agus chuir sé na ba ag triall ar an gcomharsain, agus bheir sé an t-aon mhuc amhain isteach san teinteán. Nuair nár fhéad an sirriam gabháilt isteach do chuaidh sé siós an tsemné agus do bheir sé leis an mhuc. Nuair a bhíodh fhios ag na daoine go mbíodh an sirriam ag teacht, bhainidís na buinn o'n a mbuidéil agus bídís ag béicigh leó. Aoinne go mbíodh coinne aige leis an sirrriam, chuireadh sé a chuid mhaoin in áit éigin ná déanfadh an siarram amach é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Deirtear go bhfuil abha leamhnachta ag rith san bhFlaitheas….

    Deirtear go bhfuil abha leamhnachta ag rith san bhFlaitheas agus dá bhrigh sin bhíodh sé de nós ag na daoine fadó sáspann a cheannach tar-éis bháis leinbh agus é a thabhairt do leanbh eile.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish