Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 256

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 256

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 256
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)
  5. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    B'é an gnó a bhaintí as na pónaí fadó, ….

    ......ná go gcoimeádadh an sirream beithidhigh istig ionnta go dtí go ndíoladh muinntir na mbeithidheach an cíos leis. Bíodh fir ag féachaint ndiaidh na bpónaí agus caitheadh fear na mbeithidheach iad san do dhíol leis sula bhfaghadh sé a chuid beithidheach thar nais. Bhí póna i gCortha i bparóiste na Faille Móire in Átha Turbid i bparóiste Chathair Saidhbhín agus i Máistir Gaoithe i bparóiste na Dromaide
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Cheapadh na daoine fadó dá n-iomparuighdís mála mine….

    ........ nó aon nídh eile ar a ndrom ar feadh dhá lá déag na Nodhlag go mbrisfí an drom aca.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. (gan teideal)

    Ní ceannuigheadh na daoine aon leasú fadó….

    .....ach is amhlaidh a bhailighidís feamnach agus múmhar na trágha. Bíodh gach duine ag faire ar an dtaoide féachaint an dtiocfadh aon múmhar isteach. Ghabhaidís amach ar lár na h-oidhche chun an múmhair d'fhághail. Is mó uair a bhíodh cailíní agus ciseánaibh aca ag tarrach an múmhair agus gan de thuighe ná de shlinn ar a gcosaibh acht lóipíní. Coimeadaidís na lóipíní orthu ar eagla an oighir. Sé rud lóipíní ná stoca agus an barra geárrtha dhe chun go bhfanfadh sé ar na chosaibh. Ba mhó oidhche a chaithidís ar an dtráigh ag tarrach an múmhair agus b'fhéidir go dtugadh duine d'a líon-tighe prataí agus iasg cúcha nuair a bhíodh an lá ag easgairt. Bhíodh na prataí seo fuar go maith tar éis teacht ó thigh cúig nó sé míle ó'n dtráigh, b'fhéidir,
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    2. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge