Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 255

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 255

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 255
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)
  5. XML (gan teideal)
  6. XML (gan teideal)
  7. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhíodh an lá ag na sean-daoine lá le Pádruig fadó.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    bídis ag bualad is ag marbhú a céile ag teacht abhaile.

    Nuair a bhíodh na táilliúirí ag obair ist' oidhche fadó, sguilb a bhéadh ag tabhairt solais dóibh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Dá dtéigheadh duine isteach i dtig agus dá mbeadh an líontíghe ag ithe an dinnéir….

    Dá dtéigheadh duine isteach i dtig agus dá mbeadh an líontíghe ag ithe an dinnéir, do stracfaí is do stolfaí é chun go n-íosfad sé cuid de'n dinnéir. Ansan dá n-eirigeadh sé agus gan acht cuid beag d'iththe do dheánfadh fear a' tíghe ceartacha de chun go suidhfeadh sé síos agus práta eile d'itthe ar a luigheadh. B'féidir go n-íosfadh sé leath phráta cun muinntir an tíghe do shásamh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. (gan teideal)

    Fómhar na nGéanna, a tugtear ar dheire Dheire Fómhair….

    Fóghmhar na ngéanna, a tugtar ar dheire Dheire Fóghmhair agus ar thosach mhí Shamhna. Ní bhainfeadh na daoine a gcuid féir go dtí go mbeárfadh Aonach Mór an Fóghmhair ortha. Bhíodh an coirce aibidh fé'n am so, agus bhíodh an coirce agus an féar 'á ndalladh ansan. Do caithidís cuid mhaith de'n oidhche ag obair i dteannta an lá. Le corrán 'seadh a bainidís an coirce.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  4. (gan teideal)

    Bhí nós ag na sean-daine, sméaraóid theine do chaitheamh….

    Bhí nós ag na sean-daoine, sméároíd theine do caitheamh in eirball na mbó oidhche Lae Shan Seáin. Do caithidís sméaroídí ar cheann garraidh na bprátaí leis. Mar maithe le bainne agus prátaí do beith aca a dheinidís an cleas seo.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.