School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 214

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 214

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 214
  3. XML “bhFuil Fhios agat”
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Is ceart paidir do rádh dhó, nó fós, roinnt airgid a thabhairt do dhuine bocht thar ceann an duine mhairbh.
    Tímcheall a dó a clog san oidhche a póstaí lánamha fadó.
    Uisge beatha a bhíodh ar pósadh fadó agus bíodh rinnce ar phósadh san gcéad.
    Bhí fear i nDairbhre fadó,agus mhair sé go dtí go raibh sé trí céad bliadhain. Léithín Dairbhreach ab ainm dó.
    Deirtear gurb'é an fáth go bhfuil cnapán so-fheisgthe i sgórnaigh fir ná:- Nuair a bhí Adhamh, athair na cine daonna, ag ithe an ubhaill, nár cheart dó aon lámh a bheith aige ann, cuimhnigh sé ar órdú a Cruthuightheóra agus píosa de'n ubhall 'n-a bhéal aige. Chuir sé a lámh mór timcheall a sgórnaighe chun ná leigfeadh sé síos é, agus stad an t-ubhall 'n-a sgórnaigh, agus bhí sé 'n-a cnapán ann, agus 'n-a cnapán ar sgórnaigh gach fir riamh ó shoin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Tá uair na hathchuinge ann, sé sin go bhfaghadh duine a athchuinge, dá mbeadh sé ag guidhe chun é d'fhághail, an uair aírighthe de cheithre uaire fichead an lae.

    Tá uair na h-athchuinge ann, sé sin go bhfaghadh duine a athchuinge, dá mbeadh sé ag guidhe chun é d'fháhail, an uair áírighthe de cheithre uaire fichead an lae. Ní fios cad é an uair é sin. Cheap fear fadó, go ndeanfhadh sé gnó maith, agus lá an iomlán do chaitheamh ag guidhe agus go bhfaghaidh sé a athchuinge i-n uair éigin d'en lae. B'é an athcuinge é ná, a thalamh is a thighearnas do bheith ag a mhac agus a teaghlach go léir ó'n a bhás amach. Bhí an talamh is an tighearnas go fuadrach fé mar a deirtear - botháinín cinn tuighe, agus fé bó de thalmhan. Bhí sé sínte ar an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Language
    Irish