Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes Stac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Abfhad sara deineadh bóthar Chealla bhí abha ag rith annsúd.”
(ar lean ón leathanach roimhe)do chuaidh. An maidin nuair eirig na daoine bhí iongnadh mór ortha mar bhí abha ag dul tré Ghorta Fóire agus níor eirigh le h-aon saghas céardaí í d'iompáil riamh ó shoin.- Tháinig Meadhbh go Cealla chun cabhair d’fhághail insan Táin Bó Cuailinge ó Donnchadh Cleiteach Ó Seaghdha. Bhí sé ina mháighistir ar an áit seo go léir an uair sin. Do tháinig an bhanríoghan ar bhruach loca agus nuair oscail sí a súile do chonaic sé long glégeal amuich sa bhfarraige agus do bhí bád beag ag teacht fé dhéin na talmhan.
“Ó, mo léan!” ar seisean “Cé tá ag teacht ach Méadhbh agus gan cathaoir againn annso.” Ghlaoigh sé ar a dhraoidheachtóir chun suidheacháin a dhéanamh dó go tapaidh. Do dhéin sé suidheachán do'n charraig a bhí taobh leis. Tháinig Meadhbh, agus taréis na bhfáiltí dubhairt Dómhnall léi suidhe ar an gcathaoir. Do dhéin, agus dubhairt sí nár leig sí a súile riamh ar radharc chómh bréagh agus ar shuidheachán chómh bog agus nuair eirigh sí bhí a deilbh ar an gcarraig. Tá sé ann fós le feiscint ag Béarlóir nó Gaedhealgeáir. Ghlaoghann siad Gob na Binne air.