Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 189

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 189

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 189
  3. XML “Clochán Lúcáis”
  4. XML “Scéal i dTaobh na bhFiann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fionn Trágha, an áit 'n-ar bhualdh an chath mór idir Dáire Domhain agus laochra na h-Éireann. Do bhí ar Dháire Domhain teicheadh. Do réir bhéil-oides na ndaoine deirtear gur na Fínníní a bhí ann ach síltear anois nách h-eadh mar tímcheall ceirre céad bliain in' dhiadh sin a mhair na Fíníní. Bhí Diarmuid Ó Duibhne ag teacht chun an chogaidh san agus do chur bean éigin moill air, ach sa deire do chuala sé sgréicadh agus na béamaí móra agus glór na sceimh agus do chonnaich sé an loingeas go léir amach sa bhágh. Do rith sé treasna Bealach Oisín agus tá rian a chosa le feiscint ann fós. Táinigh sé ar faill árd agus léim sé isteach sa farraige agus cé go bhfuil an fharraige seacat feadhna ar dhoimhneacht do shiubhal sé isteach agus do rith sé treasna. Do tharraing sé amach na loingeas ionnus nách mbeadh sé ar chumas na teicheadh.
    Uair eile nuair a bhí Diarmuid ag teicheadh ó Fhionn thóg sé cómhgar agus do chaith sé tamall
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.