Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 185

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 185

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 185
  3. XML “Cuas na mBan”
  4. XML “Cathair na gCath”
  5. XML “Clochán Áittin”
  6. XML “Scéal ag Baint le Clochán Aittin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ar thaobh na laímhe dheise de'n stuagh tá Cuas na mBan suidhte. Do théigeadh na seana mná go dtí an Cuas san fadó ag bailiú feamnaidhe. Sé sin an cúis go dtugtar Cuas na mBan ar. Saghas pluaise iseadh é agus tá na tonnta árda ag briseadh isteach ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sé an brígh atá le Clochán Áitin ná an tig ina mbíodh an teine ag dóghadh in onóir do Crom Cruach. Dia págánach an teine in Éirinn fadó roimh teacht Naoimh Pádruigh. Clochán Áit Tine a tugtaí ar an áit céad blian ó shoin ach do deineadh athrú ar an ainm agus tugtar Clochán Aittin ar anois.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Uair amháin bhí buachaill 'ag dul ar sgoil go Magh Nuadhat. Do thuig a athair nách raibh sé agu dul chun chinn ar sgoil. Uair dá raibh sé sa bhaile ar laetheannta saoire dúbhairt a athair leis Laidin do chur ar aittin. Do thóg an bhuachaill an leabhair Laidne agus do caith sé isteac sa tor aitinn é agus ar seiseann, "Sin agat é". Sin é an cúis gur deineadh athrú ar an ainm.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.