Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 184

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 184

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 184
  3. XML “Dún Aon Fhir”
  4. XML “Faill Dearg”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    aon mhaitheas aiste go dtí lá a bhaís. Duine de'n t-sluagh síde a b'eadh an bhó san.

    Sgéal eile ag baint le Dún Aon-Fhir tímcheall dachadh bliadhna ó shoin do bhí long ag teacht go Cuas Crom ach "Is minic a bháthadh long lámh le cuan" agus is é sin a thárla um an dtacha san. Tíghearna Ó'Néill a b'ainm do'n long san, agus bhí plúr ar bórd na luinge. Um an dtacha san in Éirinn bhí an plúr an-daor agus cad do thárla ach do tháinig an plúr isteach ar snámh san uisge. Do fuair na daoine é agus an-fhaoiseamh do b'eadh é mar muna mbeadh go bfuaireadar ar an gcuma san é do bheadh ortha dhá phúnt an leath sach do dhíol as. Sín é mo sgéal-sa is má ta breag ann bíodh.
    (Seancaidhe)
    Bean Uí Ghóilín,
    Lomhlac,
    Cuas Crom
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tá Faill Dearg suidhthe ar thaobh na láimhe clé de Dhún Aon Fhir. Tá sé ceithre céad troighthe ar aoirde. Ní féadfá gan dath cré na faille san do thabhairt fé ndeara. Tá dath dearg air agus sé sin an chúis go dtugtar Faíll Dearg air. Dúbhairt an seanachaidhe liom go raibh mianach copair le fagháil ann fadó.

    (Seanacaidhe) (Bean Uí Ghóilín) airís
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.