Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes Stac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Duine bocht go dtugtar Tadhg Mhichíl air, a chomhnuigh i n-Árt-na- Caithne fadó,m atá i gceist sgéal so. Gheibheadh sé piannós an domhain ó thinneas fiaicle. Ní raibh fiacail shlán 'na dhranndal, ná aon fiadóirí ann an uair sin a tarraingeóchadh na buin ghránna a bhíodh ghá chiapadh, 'ghá chéasadh agus 'ghá crádh.Lá áirighthe bhí an phian go h-olc air-é nách mór a' lógóireacht leis, a aghaidh comh h-ataighthe sin gur ar éigin a cidhfí aon tsúil ann. Ní fhéadfadh sé fanamhaint socair nóímint, ach é síós, suas, anonn is anall ar fuaid an tighe, agus ciarsúir mór casta tímcheall a chinn aige. Ba chumhang leat a bheith i n-aon tigh leis, agus ba mhór an déirce d'aoinne faoiseamh a thabhairt dó.Do ghluais chuige isteach fear ó'n mbaile, Donnchadh pheig - cleasaidhe críochnuighthe. Do leig sé air truagh an domhain a bheith aige do Thadhg. Taréis suidhe agus beagáinín cainnte le h-inghin Thadhg, ar seisean le n-a h-athair. "Airiú, a Thaidhg, cad na thaobh ná faigheann tú leigheas éigin do'n dtinneas san, agus gan é a bheith a déanamh amadán ar do chosaibh díot fé mar tá." "Maise, a dhuine, leig dam féin ded' chuid leigheasanna" ars' an fear eile. "Níl leigheas fé'n spéir ná go bhfuil tríallta agam. Ní tinneas fiaicle ceart atá orm in-aon-chor ach tinneas éigin millteach," agus ba dheacair do Donnchadh é thuisgint, mar ní fheafadh sé abhéal d'oscailt ró mhaith. "Corar a Tháidhg" arsa Donnchadh - "Tá paidir agam-sa, agusta ana-bhuadh aici. Déarfad duit í. Dar ndóigh mara ndeanaidh sí aon mhaitheas duit, ní dhéanfaid aon díoghbáil ach go h-airighthe. Síos leat ar do glúnaibh." D'feach Tadhg air, agus ar seisean "níl aon ana-mhuingín agam as do chuid paidreacha,(leanann ar an chéad leathanach eile)