School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 175

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 175

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 175
  3. XML “An Bheirt Fhile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cómharsain do bheadh Seán Bhán agus Cáit Ní Shéaghdha. Ní folaír nó bhí féith na filíochta sa bheirt fé mar cídhfear ón sgéal. Bean tighe shlachtmhar ghasta, chríochnamhail, do bheadh Cáit. Má chaitheadh sí foth-oidhche gheimhridh a' bothántaidheacht i dtigh Sheáin féin ní díomhaoin a bhíod sí ach fuagháil no cniotháil idir lamha i gcómhnuidhe aici. An oidhche seo bhí sí féin agus Seán 'na suidhe go suaimhneasach ar gach taobh de'n teine - Cáit a' cniotáil stoca, Seán ag ól tobac, cos ar mhuin coise aige, gan mairg sa tsaol air, agus é a' cainnt, agus a' seanchaideachth go breagh, bog, réidh, le Cáit. Tá a fhios ag an saol - agus is beag d'á mhearthall a bhí ar Sheán leis - go mbíonn dúil sa tobac ag na mnáibh chomh mhaith leis na fearaibh. I gceann tamaill, núair nár bheag le Seán a raibh caithte de'n tobac aige, do shín sé an píopa fé dhéin Cháit agus dúbhairt- "bain gal as an bpíopa, A spéir-bhean chailce, gan cháim." D'fhéach Cáit air féin ar dtúis agus annsan ar a phíopa, agus ar sise- "Go raibh maith ag do phíopa, Snaois a chaitim-se a Sheáin." Nách deas agus nách comhgarach an freagra a thug sí air!
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Language
    Irish