Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes Stac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bliadan amháin cuaid Tomás Ruadh agus cúpla companaig síos go dtú lár na hÉireann ag baint na prataí.”
Bliadan amháin cuaid Tomás Ruadh agus cúpla companaig sios go dtí lár na hEireann ag baint na prataí. Cuadar go dtí tig duine uasail ach ní raibh aoinne ann ach a mhac agus d'fhanadar ann go dtí gur tháinig an duine uasal abhaile. Nuair connaic sé na fir istig roimhis dúbhairt sé, "Cad as sibh" "Ó Uibh Ráthach" arsa Tomas. Nuair a cual sé é sin cuir sé an bhéársa so as:-
"Uibh Ráthach grándha na nDraghún liathIs Glenn Cárthach nár fhás aon arbhar riamh,Na hárd cnuic grándha úd geathúin siarTrí átaibh d'fág Pádraig gan beannú riamh"
"Pé duine a tabhair é sin duit ní raibh sé i gceart aige fein" arsa Tomás. "Conas a deintheá féin é" arsa an duine uasal agus do thosnuig sé mar sin.
Uibh Ráthach na sár fhir chalma fial,Is Gleann Cárthach gur fhás an tarbhar fiadh,Na hárd chnuic breághtha úd geathúin siarTré áitibh d'fág Pádraig le beannú ag Dia.
Cáit Ní SpealáinFuaras an píos seo ó m'athair Seamús Ó Spealáin
Ceapabhuidhe
Port Mhic Aoidhe
Cill ÁirneAois, 73 bliadna- Bailitheoir
- Cáit Ní Spealáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seamús Ó Spealáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73