Scoil: Na Cnoicíní (uimhir rolla 13124)
- Suíomh:
- An Garrán Iarthach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán S. Ó Cuimín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Sionnach agus an CoileachBhí an sionnach t’réis coileach a scuaba leis as fuilín na gcearc uair. Pamach mór de coilleach reamhar beathuighthe do b’eadh é go raibh lán corcán nuair a tháinig sé chómh fada le an pluais leis. Do leig sé chuige ar a mbán é chun é marbhú is d’ithe do féin. Bhí greim aige ar bhaic a’ muiníl air agus a dhá lapa tosaig anuas ar a dromaighe i slí is go raibh a’ fear bocht i gcruadh-chás. Bhí sé díreach cun an ceann a sciota de nuair a labhair an coilleach.
“Anois a sionnaig” ar seisean “Badh ceart duit bheith ana-bhuidheach do Dhia i dtaobh mise a bheith agat le n’ithe is b’é ba lúgha is badh gann duit a dhéanamh ná altú ód croídhe amac sara n’íosfá mé. “Bádh mhaith an smaoineamh é gan aon dabht” a dubhairt an sionnach “an té féadfadh altú a deanamh ac sin rud nár tháithigheas riamh is ní h-eól dom connus é déanamh ach chómh beag. “Ná bíodh san mar leath-scéal agat feasta” ar san coilleac. Muinfeadh-sa dhuit cionnús altú roimh biadh mas maith leat é.
“Bheinn ana-bhuidheach díot dá ndéanfá” ar san sionnach. “Tá go maith mar sin. Chuir do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán T. Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 54
- Seoladh
- An Garrán Iarthach, Co. Chiarraí