Scoil: Waterville (C.) (uimhir rolla 16015)

Suíomh:
An Coireán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Helen O' Sullivan
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 186

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 186

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Waterville (C.)
  2. XML Leathanach 186
  3. XML “Scéal - Dónall Ó Conaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sceál: Dómhnall Ó Conaill
    Fuair sé cuireadh ó Shasanach uair amháin cuireadh go dtí a thigh. Chuaidh ó Conaill ann. Chan le cion nó chumann a thug an Sasanch an cuireadh seo dó, ach leis an fhuath dhubh mar bhí dúil aige nimh a thabhairt do Dhómhnall agus é a mharbhadh.
    Ach fuair an cailín aimsire fios ar an droch-bheart a bhí le déanamh, agus is Éireannach a bhí innti chómh maith. Nuair a bhí siad tamall le chéile thug an Sasanach deoch fíonta do Dhómhnall agus líon sé amach deoch eile as buideál eile do féin.
    Bhí an cailín aimsire ins an tseomra agus tharlaidh an comhrádh seo idir í féin agus Dómhnall.
    “A Dhómhnall Uí Chonaill, an dtuigeann tú Gaedhilg,” “Tuigim, a chailín, cad é sin is léir duit?” “Tá’n oiread sin i do chupa is marbhfad' céad-taí,” “Is maith thú a chailín, is geobhaidh tú féirín .” “Cé hé siúd ag tiomáint thart” arsa Ó Chonaill. Dhearc an Sasanach amach ar an bhfuinneóig. Fhad is bhí sé ag amharc amach rinne Ó Conaill malairt áite ar an dá ghloine.
    Char thug an Sasanach a dhath faoi ndear, is
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge