Scoil: Waterville (C.) (uimhir rolla 16015)

Suíomh:
An Coireán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Helen O' Sullivan

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Pádraig Naofa agus an Scadán

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 183

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Pádraig Naomhtha agus an Scadán

Nuair a bhí Pádraig ag taisteal Éireann fuair sé chuireadh tráth amháin ag dul go tigh Páganaigh.
Chuaidh sé agus fuair sé go raibh fleadh mhaith ullamh roimhe.
Ach fealltóir a bhí insan Pháganach agus bhí nimh curtha aige thríd an mbiadh le súil Pádraig a mharbhadh. Bhí cailín aimsire ag an Pháganach agus is Críostaidhe a bhí innti agus ba mhór an meas a bhí aici ar Phádraig. Ba h-é an chéad rud a leagadh síos ag Pádraig scadán maith reamhar, agus nuair a bhí an cailín aimsire d’a fhagháil síos aige dubhairt sí: “Maise, mo sheacht grádh an scadán nár gabhadh ariamh le na ghoile.”
Thug Pádraig chuige an focal a thuit ó’n chailín, agus d’éirigh sé agus gan caitheamh bídh nó díghe dhó, theit sé ó’n tigh.

Teanga
Gaeilge