Scoil: Waterville (C.) (uimhir rolla 16015)

Suíomh:
An Coireán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Helen O' Sullivan
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 177

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 177

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Waterville (C.)
  2. XML Leathanach 177
  3. XML “Seán na gCeirteacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nach deas an tslighe mhaireamhna í sin do dhuine bhocht shimplidhe spad-chosach go raibh na mílte donas air riamh ó’n gcéad lá tháinig ar an saoghal. Acht bheirim-se do’n dhonas gach donas díobh. Bíodh an greann againn an fhaid do bhéam ann.
    Déinidh soláthar do Sheaghán bhocht. Bailighidh na sean-chirteacha agus na sean-bhuill éadaigh. Bailighidh na cnámha ó indé agus ná dearmhadhaidh na buidéil.
    San chuireadh fial agam dá thabhairt do Mhuinntir na sráide seo. Chuireadh gan doicheall gan dobhracht. Chuireadh do sna mnáibh go bhfuil méaracáin in easnamh ortha; chuireadh do sna cailínibh óga go bhfuil biorán ghruaighe ag teastáil uatha; chuireadh do sna páistibh gurab aoibhinn leó blas an misleáin. Is agam-sa atá togha gach margaid'. Is mear do cheannuighim agus is tapaidh dhíolaim. Tá fonn ceannuigh indiu orm. Bailighidh! Bailighidh!
    Mhuise, Dé bhúr mbeatha-sa go léir chugham, a chlann óg mo chroidhe; Is é is biadh agus deoch agus dá n-abhrainn codladh na h-oidhche dham, sibh do fheicsint fém’ dhéin. Ba ró-shuarach a bhféadfainn a dhéanamh in éagmuis bhur gcongnaimh-se. Sorn tusa, a Phaidín bhig óig? Acht adhe: Andaghdha, is tú atá ag fás go miorbhúilteach. Chionnus tá do shean-athair a gharsúin? Mhuise, Dia leis an tsean-aimsir. Ba mhaith an sás arbhar do bhaint é. Ní raibh éinne
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. trádáil
          1. díol agus ceannach (~3,622)
    2. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge