Scoil: Waterville (C.) (uimhir rolla 16015)

Suíomh:
An Coireán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Helen O' Sullivan
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 172

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 172

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Waterville (C.)
  2. XML Leathanach 172
  3. XML “Oráid an Mhangaire ar Aonach Bhaile na Móna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Faigh an chanfás agus na h-ursanna, a Shíle agus buailfeadh-sa síos na bioráin. Cá bhfuil mo lámh-ord-sa nó an amhlaidh chuaidh sé amudha uainn. Ó Dhe, dhe, dhe! ná fuil an canfás leathta fós agat? Seadh, chuir uait é a agus tarraing an téadán so. Tarraing, tarraing. Seadh, ní beag dhuit de. Déin a cheangail. Tá sé “all right” anois.
    Ariú, cad d’imthigh ar leath-chois tosaigh an bhuird seo? Ní h-éidir gurab amhlaidh bhrisis í. M’anam do Dhia ‘s do Mhuire, ach tá sí briste glan agat. Faigh spaicín éigint a chuirfeadh faoi an turas so. Tóg amach an bórd eile úd. A ‘in é an ceann deiridh? Is é a bhuidhe le Dia. Seadh, táid siad go léir ‘na seasamh anois againn.
    Raghad-sa in áirde ar an dtrucaill agus tiubhrad an síoda agus an sróll duit. Seo fé n-ár ndéin Máire Sheagháin Óig agus nídh nach iongnadh, béidh adhbhar gúna nuadh ag teastáil uaithi mar airighim go mbeidh sí do pósadh tar é’s an Charrghais.
    Do dhíol Seaghán dhá bhuin indiu, agus tá an t-airgead go reisseamhail aige.
    Cad tá san mbosca úd? Leathar. Seadh, coimeádfadh annso go fóilín é. Tóg uaim na boscaí seo. Seadh, tá gach éinnídh as an dtrucaill anois agam.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. trádáil
          1. díol agus ceannach (~3,622)
    2. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge