Scoil: Waterville (C.) (uimhir rolla 16015)

Suíomh:
An Coireán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Helen O' Sullivan

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Gan Mhurchadh gan Mhaonus

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 168

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Gan Mhurchadh gan Mhaonus.

Bhí gabha in áit éigin sa tuaisceart go raibh ana-ghaisce ann. Murcadh ab’ainm dó. Chuala sé trácht thar gaisgidheach eile de ghabha a bhí sa deisceart, agus b’fhada leis go dteanghmochadh sé leis go dtriallfaidís a chéile. Ghléas sé amach capall iallaite agus ghluais leis ó dheas go mbainfeadh amach gabha an deiscirt. Maonus ab’ ainm dó sin. Bhí Murcadh ag gluaiseacht roimis gur thárlaigh sé ar céardchain ar thaobh an bhóthair; do stad amuigh agus do ghlaoidh ar a bhfear istigh spréid a thabhairt amach chuige a dheargóchadh a phíopa. Do bhuail Maonus (mar b’shin é a bhí istigh). Bhuail sé spréid' ar shoc na h-inneóna agus do thóg an inneóin amach ‘na leath-láimh agus do shín an fir amuigh í.
Ba mhaith an maise san do’n fhear amuigh, do thóg an inneóin ‘na leath láimh uaidh agus do dhearg a phíopa. Chuireadar aithne ar a chéile annsan agus do chinneadar ar ionad coinne chun a chéile do thriall.
An oidhche sin do buaileadh ar fhuinneóg Mhurchadh ó’n dtaobh amuigh. “Cé tá annsan?” arsa Murchadh. “Mise” arsa an guth, “do dhíothuigheas Maonus mar bhfhearr liom tusa ná é mar fhear.” “Badh gar, mhuise, fágann san tusa gan Mhurchadh gan Mhaonus” arsa Murchadh.
Tá “gan Mhurchadh gan Mhaonus” ‘na nath cainnte ó shoin.

Teanga
Gaeilge