Scoil: Waterville (C.) (uimhir rolla 16015)

Suíomh:
An Coireán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Helen O' Sullivan
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 166

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 166

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Waterville (C.)
  2. XML Leathanach 166
  3. XML “Cuntas ar Bhaile na Sceilg - Co. Chiarraí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ná a chuid stuic do dhiothú ins gach aon slighe go dtacaidís ortha – iad do chuir ins na barrailibh dóibh féin agus ins na draipeanna. Do dhéineadar mar a dubhrathas leo.
    Bhí eagla annsan ortha nach fios cad é an ríogar a d’imtheochadh ortha nuair nach mbeadh a chuid stuic roimh Mhac an Fhiolair. Bhí aon fhear amháin do bhfearr ná triúr go dtugaidís Tadhg na Stiall air, agus bhí eagla an Domhain air sin. Dubhairt duine éigin gonta:
    “An té a chídhfeadh Tadhg na Stiall;
    ‘S é ag gabháilt tríd Shliabh an Imeallaigh;
    Níor mheasa leis “Fiolar” na dhiaidh
    Ná sean-bhean liath go mbeadh gunna aici.”
    Ní dhó san a thagrann an scéal anois, ach do Mhuiris Connraoi, figheadóir a chuaidh ‘na chliamhain isteach i gceann des na tighthibh. Bhí dritheáracha céile sa tigh agus thugadar leó cuid de bethidhigh “Fhiolar”. An méid nár itheadar úr acu, do chuir ar salann iad. Ní raibh aon bhaint ag a’ gConnraoich leis an bhfeóil agus níor mhaith leis go bhficfeadh sé í. Do sciomáladh sé corcán na feóla chun na prátaí do bheirbhiughadh dhó féin. D’imthigh sé de dhearmhad air uair nár sciomáil an corcán, agus d’fhan cuid éigin de dheascaibh na feóla sa chorcán. Do luigh Dia lámh air agus do chailleadh é. Nuair a dheagaidh sé go doras Parrthais, bhí na beithidhigh roimis ann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Baile an Sceilg, Co. Chiarraí