Scoil: Waterville (C.) (uimhir rolla 16015)

Suíomh:
An Coireán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Helen O' Sullivan
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 165

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 165

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Waterville (C.)
  2. XML Leathanach 165
  3. XML “Cuntas ar Bhaile na Sceilg - Co. Chiarraí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cunntas an Bhaile ‘n Sceilg (Conndae Chiarraighe)
    Bhí an talamh so ‘na thalamh fhuar fhásaigh fadó. In aon chúirnín amháin a déintí na tighthe agus d’réir mar a bheadh bó ag duine do gheobhadh sé leabaidh bheag thalmhan do chur. In aon Pháirc amháin a bhíodh Muinntir an bhaile le cuireadóireacht. Tháinig duine mór darb’ ainm “Fuller” (Mac an Fhiolar) ag feuchaint ar a d’talamh a bhí bhásta, agus do thóg sé féarach a’ talmhan uatha agus chuir stoc air. D’eirigh leis do maith agus bhí na beithidhigh ‘na mairt saille aige ann. Do thóg sé leis iad agus do dhíol. Ba mhó ná san a thug sé leis an tarna bhliadhain agus bhí aodhaire ins gach baile aige. Tháinig sé uair ag feuchaint ar a chuid stuic agus chonnaic sé ceann acu ag géimrigh. “Tá ocras ort-sa” arsa eisean, “agus má mhairim-se in bhliadhain atá chúghainn, ní bheidh aon easnamh ort; tógfaidh mé as so go Bólus d’fhéarach.”
    Bhí cuid de Mhuinntir na h-áite ag éisteacht leis, agus tháinig eagla ortha go gcuirfí as an áit ar fad iad féin. Chuadar agus thógadar cómhairle le chéile. Bhí na Spotswords i bPort Mhic Aoidh; Sigerson ar a’ Muirbhthigh Mhóir agus bhí muinntir Chonaill in Doire Fhionnáin. Dubharadar so leis na daoinibh go raibh droch-fhuadar fé Fhiolair agus nach raibh aon ghnó ba tharibhighe dóibh a dhéanamh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Baile an Sceilg, Co. Chiarraí