Scoil: Waterville (C.) (uimhir rolla 16015)

Suíomh:
An Coireán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Helen O' Sullivan
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 156

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 156

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Waterville (C.)
  2. XML Leathanach 156
  3. XML “Scéal - Dónall Ó Conaill - Liberator”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fuair Domhnall Ó Conaill cuireadh chun dinnéir i dtigh éigin thall i Sasana. Is bhí fútha nimh a thabhairt dó. Bhí deoch déanta dhó go raibh trí gloiní fuisgí ann agus h-imh tríd.
    Tháinig cailín aimsire mar a raibh Domhnall ‘na shuidhe agus labhair sí leis ós íseal “A Domhnaill Uí Chonaill a dtuigann tú Gaedhilge.” “Tuigim cheana a Chailín ó Éirinn” ar seisean.
    "Ithe do dhóthain acht na h-ól aon rud mar tá salann ar a bpraisig ó ‘réir duit.” “Ó feachaigí amach – Cé hé sin amuigh” arsa Domhnall, ag leigint air raibh ionghantas éigin ann. Chuir sé a thumbléir féin in áit duine eile an fhaid a bhíodar ag feachaint amach. Sé ceann Conaill a d’ól an fear eile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge