Scoil: Waterville (C.) (uimhir rolla 16015)

Suíomh:
An Coireán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Helen O' Sullivan

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Taibhreamh

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 150

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

An Taidhbhreamh

Bhí fear annso fadó, agus deineadh taidhbhreamh do trí oidhche in diadh a chéile go raibh cróca óir ar dhroichead Cathar Civeen agus go mbeadh sé in a fhear saidhbhir dá dtéigheadh sé ann.
Fear ana-bhocht do b’eadh é agus dubhairt sé leis féin go raghadh sé ann.
Chuaidh sé go Cathar Civeen in Conndae Chiarraighe agus bhíodh sé ag siubhal síos suas ar an Droichead gach aon lá ach ní raibh aon ór le feiscint aige. Bhí an fear bocht cráidhte go maith agus bhíodh sé á rádh leis féin gur mhór an t-amadán é agus teacht chómh fada ó bhaile mar gheall ar taidhbhreamh. Tháinig fear chuige lá agus arsa sé leis:
“A Cara, táim ag feuchaint ort anois le seachtmhain ag siubhal síos suas ar an droichead seo. Ar mhiste dham a fhiafruighe dhíot led’ thoil cad tá tú a dheunamh nó cad é an gnó atá agat?
“Gnó ait mhuise” arsa an fear bocht. “Bheadh náire orm é d’innsint duít, acht táim chómh-cráidhte sin gur cuma liom, taidhbhreamh a dheineadh dom go bhfaighinn cróca óir ar an droichead seo.”
“A Dhuine bhoicht” arsa an fear “téighir abhaile dhuit féin. Taidhbhrígheadh an rud ceudna dom féin acht ba é áit a dubhradh liom a raibh sé ná fá chrann sgeiche gile in gáirdín a leithéid so dhuine i gConndae Portláirge.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge