Scoil: Waterville (C.) (uimhir rolla 16015)

Suíomh:
An Coireán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Helen O' Sullivan
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 149

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 149

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Waterville (C.)
  2. XML Leathanach 149
  3. XML “Na Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Na Sean-Fhocail
    Buachaill leisgeamhail ba eadh Tadhg. Dubhairt a mháthair leis dul go dtí an tobar fé dhéin cróca uisge, acht dubhairt sé go raibh a chos tinn. Dúbhairt a mháthair leis dul go dtí an tobar fé dhéin cróca uisge, acht dubhairt sé go raibh a chos tinn. Annsan dubhairt sí le Domhnall dul ann acht dubhairt sí le Domhnall go raibh fuacht air. Ba é rud a dubhairt sean-Sheán ná “Dearbhrathair do Thadhg Domhnall.”
    Bhí aithne agam-sa ar chailín dárbh ainm di Mór agus bhí sí an mhór-chúiseach ar fad innte féin, agus ní leigfeadh an mhór-chúis di dul fé dhéin aráin ná aon rud eile dhí féin; bheadh náire uirthi. Ba mhaith léi cailín a bheith aici i gcomhnuidhe. Ba é rud a dúbhairt mé féin ná “Cailín ag Mór agus Mór ag lorg déirce.”
    Bhí fear bocht ‘na chomhnuidhe sa Ráth uair agus bhí sé go mór as a mheabhair ach shíl sé go raibh gach aoinne san áit as a mheabhair ach é féin, agus bhíodh sé ag tabhairt comhairle dóibh. Ba é rud a dubhairt sean-dhuine leis lá ná: “Is dóigh le fear na buile gurab é féin fear na céille.”
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge