Scoil: Waterville (C.) (uimhir rolla 16015)

Suíomh:
An Coireán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Helen O' Sullivan

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Sprid

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 136

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

An Sprid

Fadó bhí feirmeóir ‘na chómhnaidhe i mbaile tá thoir age Bun a Dá Chíc agus bhí gleóthóg muair mich, fear óltach, imearthach, bruigheantach, achrannach, agus b’fhéarr len’ athair go mbeadh sé marbh ná beith á’ féachaint air. Chuir sé lá sa chéartain é le gléiseanna céachta go dtí gabha do bhí tamaillín bh-uaidh, agus bhí órdú tugtha ‘gen athair d’ón gabha an mac a chinneáil nó go mbeadh sé an-dhéanach san oidhche, féach a mbuailfeadh a’ sprid leis, go maróch a’ sprid é. Do chinnibh a gabha an-déanach é san oidhche agus dúirt sé leis f’reach na theannta féin go maidean, agus ná cinneóch sé cómh déanach é mara mbeadh gurbh é ‘athair a dúirt leis é. “By gor” arsan buachaill, “Más é m’athair a dúirt leat é ní dhfhanha mé go deó; ragha mé abhaile má fhéadaim é agus maruíodh sé mé nú ná maruíodh!” Ní fada a bhí sé nuair a bhuail a’ sprid leis agus siúd chuige an sprid. Bhí sé ‘á sheachaint féin eirthi chómh maith is d’fhéad sé agus insa bhualadh dhóibh, agus insan útamáil dóibh, chuir sé ceann de sna slabhraí ó’n gcéartain muar dtíompall ar a’ sprid agus do riúg ‘sé annsan isteach ar á’ slabhra agus bhuail sé chuige an sprid ar a dhrom, agus thug sé leis isteach’ ón tigh i go dtí n-athair agus go dtí na mháthair. “Gaibh inis ar m’athair agus ar mo mháthair agus na dín aon dibháil eile dóibh níos mó ná san. “Siúd chúcha i ‘n spríd agus í gabháilt ortha – ar an athair agus ar an máthair – agus nuair a bhí dóthain gabhtha ‘cí ortha:- “Seadh inis” arsan buachaill, “tá a ndóthain factha ‘cu. Ní dhéanha mé,” arsan buachaill, ““aon díobháil duit agus ní chinneó mé thú ach a geallúint dom gan aon díobháil a dhéanamh go deó d’aon duine a bheidh a seacht ‘sa seacht do ghaol dhom.” Thug sí ‘n geall do ins go h-aon tsaghas slí ná dhéanfad sí aon diobháil d’aon duine bhuinis leis go deó bheadh a seacht ‘sa seacht do gaol do. Scaoil sé léithi. Chuaidh sé ansan tamaill ‘na dhiaidh san ar bórd árthaigh agus ní fada a bhí ar bórd árthaigh nuair a chua’ scéala chuige gurbh mhairbh an sprid ‘athair sa mháthair. D’iarr sé ansan pás ar Chaptaen an árthaigh chun é ligeant tamaillín abhaile, agus do fuair agus do thóg sé leis a “bayonet” a teacht dó. Tháinig sé

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge