Scoil: Waterville (C.) (uimhir rolla 16015)

Suíomh:
An Coireán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Helen O' Sullivan

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Poll na Muice - Binn Bán - Co. Ciarraí

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 133

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Poll na Muice (mBinn-bháin)
Co. Chiarraighe.

Tá tobar fíor-uisge i mBinn Bháin agus glaodhtar Poll na Muiche air agus an uisge tá sa tobar sin, tá sé fhíor-fuar le sioc, agus ba mhaith leat deoch dhén uisge sin a d’ól lá breágh Samhraid. An fá go glaodhtar Poll na Muiche air, fadó bhí fear ag teacht abhaile ón gCúrrane Oidhche Nodlag agus bhí sé an-déanach san oidhche agus nuair a bhí sé ag siubhal síos an sheana bhóthar in aice an tobar, chuala sé an fótram istig san tobar agus cad a chonnaic sé ach muc agus é ag cnéadaig ag ól an uisge. Sin é an chúis gur glaodhtar Poll Muiche air.

Teanga
Gaeilge
Suíomh
An Bhinn Bháin