Scoil: Cathair Samháin

Suíomh:
Cathair Samháin, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 386

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 386

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cathair Samháin
  2. XML Leathanach 386
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal
    Do bhí gréasaidhe i na chómhnaidhe i mbaile beag úair amháin. Seán Ó Murchada ab’ ainm do, ach ní thughadh aoinne riamh air ach Seán Gréasaidhe. Fear bocht geal-gáirteach ab’eadh é, agus do bhíodh bocht agus saidhbhir buidheach do. Do bhíodh sgéal beag greannmhar aige do gach aoinne a thaghadh isteach chuighe. Núair a bhaineadh an sgéal gáire as do bhíodh amhráin beag aige dóibh.
    Bhí tigh beag aige ar thaoibh na sráide, agus bhí an fhuinneóg lán de píosaí leathar agus de shean bhróga. Do bhíodh sé ag amhrán agus ag crónán do féin i gcómhnaidhe, nuair a bhíodh sé ag obair. Bhí Púnncán an-shaidhbhir taréis teacht ó Shasana Nuadh, agus bhí sé ag cur fé san mbaile mbeag. Ní raibh dada le deanamh aige acht bheith ag siubhal síos suas an tsráid gach aon lá.
    Do chíodh sé an gréasaidhe ag obair gach lá, agus ba mhaith leis bheith ag éisteacht leis ag feadhgail agus ag crónán dó féin. Bhúail sé isteach chuige lá agus taréis bheith ag seanchas leis, dubhairt sé gur dócha go raibh carn airgid aige. “Tá” arsa an gréasaidhe, an méid a fuaireas ó sean-bhean as taoibhín a chur ar a bróigh. “Feach” ar seisean agus thaisbeán sé trí pingin do, “sin é an méid atá sa tsaoghal.”
    Dob ait leis an gréasaidhe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Chonaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Drom Caor, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Muiris Ó Conaill
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Drom Caor, Co. Chiarraí