Scoil: Cathair Samháin

Suíomh:
Cathair Samháin, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire E. Bean Uí Sheaghdha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Cathair Samháin | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 367

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

siad go dtí áit éigin i gcóir an lae agus bíonn rínnce agus gach rud deas acha. Annsan tagann siad abhaile san tráthnóna agus bíonn suipéir deas ullamh dóibh. Annsan bíonn leann-dubh agus biotáile acha. Tosnuigheann siad ag rínnce airís go maidhin. Bíonn siad ar meisge núair a bhíonn siad ag dul abhaile ar maidin.
Fadó ní dheineadh na daoíne aon obair lá pósadh nós a bead é. Rud eile dá mbúaileadh socraid ar an mbóthar ortha deirtear ná raghadh aon rud ar aghaidh go deó acha.

Gobnait Ní Shéaghdha
Doirenéadain
Máistir-Gaoithe

Toibreacha Beannuighthe

Tá toibreacha beannuighthe go flúirseach i n-Éirinn. Tá sé sin go maith dos na daoíne mar núair a bhíonn aon galar nó aicíd ortha téigheann siad go dtí an tobar agus tugann siad trí trusanna mór thímcheall air agus bíonn siad a paidreacha.
Lá Fhéile Phádruig agus an lá roimhe a théigheann na daoíne go dtí an tobair bheannuighthe atá tímcheall na h-áite seo. Tá tobar ana chómhgarach dúinn thiar i gCeann Cuinn agus is ann a théigheann na daoíne tímcheall na h-áite seo. Tá íasg istigh san tobar agus is anamh a ithear é. Tá sé ana bheag.
Deirtear go raibh daoíne na

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Gobnait Ní Shéaghdha
Inscne
baineann
Seoladh
Doire an Éadain, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge