Scoil: Cathair Samháin
- Suíomh:
- Cathair Samháin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na céirdeanna a bhíodh aca fadó.Is beag duine ar an saoghal seo ná caitheann obair nó gnó éigin do bheith aige chum a bheatha do thuilleamh. Sa t-sean maisir do bhíodh mórán céirdeanna aca.
Is amhlaidh a théigheadh an táilliúir ó thigh go tig ag déanamh na culaithí eudaig agus do thógadh sé seachtmhain úaidh é a dhéanamh. Ní bhíodh aon inill acha an úair sin agus do chaithidís gach pioc de a fhuagháil le na lámha. Ní bhíodh aon lampa acha leis acht sgoilbh agus dá mbé an té is óige sa tig do chaitheadh an sgolbh a choimeád do agus do bhíodh sé sin ana dhian ar na súilibh.
Dob é an sgeal cheádhna ag an ngréasaidhe é do chaitheadh sé gach pioc de’s na bróga a fhuagháil le na lámha. Do thagadh sé go dtí an tig chum na bróga a dheanamh agus annsan ní théigheadh sé abhaile go dtí go mbíodh na bróga déanta.
Fadó leis ní bhíodh aon tubáin ag na daoíne i gcóir an ime acht feircíní agus do chaithidís na mílte díobh san a bheith aca. Núair a dhíolaidís feircín ime do choimeádidís an feircín leis. Núair a dheinidís an t-im do chuiridís isteach sa bhfeircín é agus do chuiridís fe’n dtalamh é chun é a dhéanamh trom. Coopéir a tugtar ar an duine a dheineadh na feircíní. Do dheineadh fear darbh ainm do Tomás Ó Séaghdha ó Dúnadraoín agus fear eile darbh ainm Seamus O Connchubhair o mBarra na h-Aoine feircíní.
Dob é an sgéal céadhna ag na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gobnait Ní Shéaghdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire an Éadain, Co. Chiarraí