Scoil: Cathair Samháin

Suíomh:
Cathair Samháin, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 347

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 347

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cathair Samháin
  2. XML Leathanach 347
  3. XML “Oileán Buí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Oileán Buidhe:-
    Ar a dtaobh ó thuaidh d’abhainn na h-Íne ‘seadh ata an Oileán Buidhe ina bhfuil lios. Tá seomraí faoi’n dtalamh ann agus do réir sgéaluíochta deirtear go mbíodh cómhnaidhe ar shidheoga ann. Do bhí ann indáiríribh ná áit a dtéigheadh na Gaedhail i bhfolach in aimsir an nDanar mar a thaisbeáinfidh an Dán seo leanas. Dán a chum Seán “Bruanach” Ua Súilleabháin ó’n bhFaill Mhóir agus ó Chathair-Saidhbhín maidin áirighthe le do bheith le h-ais an leasa.
    1.
    Trácht na slighe dhom, trís gach céim
    Le fáinne an laé is mé i gcéin cois abhainn
    Cois na h-Íne bhí fem’ léidheadh
    Is mé ag sméide ar ghaortha an leasa
    Curfá
    Is aoibhinn dán draoithe is dáimh
    Sgaoilfear cách atá fe’n amadh
    Chíofar clár Uí Chaoimh gan spás
    ‘Ge an Rígh nách nár, tá’n báire ag casadh
    11.
    Is sásta thaobhaig righbhean mhaordha
    Bíonn lá taobh liom is mé dá h-amharc
    Bhí sgáil na gcaor ‘na gnaoí mar aol
    Gan teimheal ó’n ngréin ar sgéimh a leacain
    Is aoibhinn dán draoithe is daimh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An tOileán Buí, Co. Chiarraí