Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 264
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí bean ann fadó agus is é an ceárd a bhí aici ná ag auíomh gach oidhche...”
Pádraig Ua Súilleabháin Cúmastabha 70 bl. d’innisBhí bean ann fadó agus is é an céard a bhí aici ná ag sníomh gach oidhche. Thagadh bean amach as an lios gach oidhche chun cabhair a thabhairt di. Tháinig sí isteach chúichi lá a’s bhí deabhadh mór ar an mhnaoi chun an olann a bheith déanta aici. Bheir an bhean sidhe an t-olann léi go dtí an lios. D’innis sí a h-ainm do’n mhnaoi tighe nuair a bhí sí ag imtheacht a’s dubhairt sí léi gan a h-ainm a dhearmhad mar ní faghadh sí an snáth thar n-ais gan an t-ainm aici. Nuair a bhí an sídheóg imthighthe bhíodh an bhean ag rádh na h-ainme gach neómat ar eagla go ndeunfadh sí dearmhad air. Chuaidh sí a chodhladh an oidhche sin a’s nuair dhúisig sí ar maidin níor fheád sí cuimhneamh ar an ainm. Bhí sí i gcruadhchás a’s an aimsir ag imtheacht mar gur beag an spás bí fachta aici – mí. D’imthig mí a’s d’imthig bliadhain a’s lá a’s níor chuimhnig sí air. Tráthnóna an lae sin bhí an bhean ag tiomáint bó i bpáirc a’ leasa a’s chualaidh sí ceól sa lios. Do stad sí ag éisteacht is chualaidh sí an bhean ag amhrán: Dá mbeadha mo ainmse
Aige bean ar an mbaile seo
Mar atá a h-ainm sin agam sa
Teipel Tuaipil ceann ar tuathalNuair chualaidh an bhean na focail siúd léi fé dhéin an leasa agus ghlaoidh amach go h-árd “Teipel, Tuapail cuir amach mo snáth” Tugadh an snáth di agus dubhairt an sídheóg léi go raibh sí féin ar imtheachta as an lios agus go raibh sí lán t-sásta an snáth a thógaint uaithi.- Faisnéiseoir
- Pádraig Ua Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Com Dhá Stogha, Co. Chiarraí