Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 258

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 258

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Leathanach 258
  3. XML “Piseoga an Luain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Murt Ua Muircheartaigh
    Cill Mac Ciarainn

    1) Ní ceart do chuid gruaige do lomadh Dé Luain mar deirtear "Lomadh an Luain lomadh don uaigh"

    2) Ní ceart uan do chur sa chré ar an Luain mar bheadh na caoirigh go léir ag fághail bháis ort

    3) Ní ceart leanbh do chur chun scoile don chéád uair ar an Luain agus tá daoine annso a théigheann chómh fada san leis an sgéal is dá mbeadh na leanbhaí as láthair aon tréimhse ná casaidís chughat ar ais ná ar éigin ar an Luain

    4) Ní ceart tosnú dhéanamh dhe prátaí do bhaint ná féar do chearradh ar an Luain

    5) Ní ceart ainmhidhe a mharbhughadh ar an Luain

    6) Ní ceart airgead do thabhairt uait ar an Luain mar i nionad bheith ag teacht chughat is amhlaidh bheadh sé dhá dheasgaibh san ag glaodhach ort i rith na seachtmhaine

    7) Lá Crosda na bliadna cheithre lá indiaidh lá Nodlag ní phósann aoinne an lá san i rith na bliadhna
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Murt Ua Muircheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    13
    Seoladh
    Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí