Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Cill Mac Ciarainn | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 252

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Peil
1. Bhídís ag imirt peile i Máighistir Gaoithe agus ar an mbannc fadó. Gach Domhnach théighidís siar ann ón áit seo. Íosfaidís béile maith prátaí agus iasc úr agus is do shiubhal coise bhíodh gach éinne. Bhíodh na thráthnóna dhéanach nuair a thiocfaidís abhaile. Suas le seasgadh bliadhain so. Ní raibh feistiú ro mhaith chuige aca mar is iad na bróga troma a bhíodh aca agus do b’iongantach an rud é fén am san dul ó pháirc go ceann páirce sa ‘troidirín’ mar gur beag iad na riaghalacha a bhí aca. Paróiste i gcoinnibh paróiste bhíodh aca nó uaireannta baile fearrainn i gcoinnibh baile fearrainn. Is go mion minic ghlacadh duine den lucht féachana páirt dá mba na beadh an ‘sway’ ag a dhream féinig.

Teanga
Gaeilge

Iomáinaidhheacht
Caogad bliadhain ó shoin sa Mhuirbheach siar. Liathróid cruaidh peirce bhíodh aca agus is mó duine des na sean daoinibh timcheall go raibh cnapán ar chnámh leis nár sgar leis roimh dul san úir do.

Teanga
Gaeilge

Liathróid Láimhe:
I gcoinnibh pinniúir tighe.
Liathróid don chéad uair faghta aca ag teacht ó Chill Orglan dóibh. Liathróid adhmaid a bhíodh aca uaireannta eile agus ba dheacair do bhasaibh boga imirt leis sin. Na Coilestánaigh is mó bhunaigh an cluiche annso go mór mhór adhbhair Sagart.

Teanga
Gaeilge