Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 247

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 247

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Leathanach 247
  3. XML “Tithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tighthe
    Murt Ua Muircheartaigh 12½ bl. Cill mac Ciarainn a athair 50 bl.
    Fadó annso:
    Tigh beag ceann tuighe bhíodh ag na h-aon clann ar an mbaile. Ní bhíodh ceannach ar aon rud chuige aca. Fallaí cloch nó fallaí feidín leó. Na fallaí cloch cumtha le clochaibh agus cré buidhe a bheadh chómh maith san mar táthán na corróchadh cloch. Má ba féidín do bheadh ciumhais cloch ar fhaobhar na ndóirse agus na bhfuinneóig, cúinní an tighe agus na simnéithe. Is beag le fuinneógaibh bhíodh ionnta ceann suarach nó dhó. Simné béal oscailte a shúgfadh leis gach puth deataigh – níor chás dóibh anois. Mar úrlár – an cré ar a mbíodh gainnimh ón dtráigh. Cois teineadh bheadh leacan nó dhó. Sa choill bheadh tarraingt ar adhmad agus chuiridís suas an díon ach gan é ghearradh. Bheadh rian tuaighe go soiléir ann. Dulaí adhmaid ins na maidíbh snadhmta. Sa phortach ó smután gheibhidís na trasnáin. Bhí de nós aca bheith sa sliabh roimh eirghe gréine agus phollaidís sa stríoc ná beadh an drúcht. Sin mar gheibhidís an maide. Táid na puill sin na sliabh fós. Anuas ar na trasnáin sinidís scraithín righin trim sléibhe. Ar an scraith fraoch a stathaidís ar chnoc. Annsan an ceann tuighe, luachair nó tarrac nó biríneach. San a cheangal ann le sugánaibh trasna ó thaoibh taoibh. Sud deunta indeire Fóghmhair as an bhfionnán le corr shúgán. Duine ag scaoileadh is duine ag casadh. Scuilb agus trasnáin annsan i bhfearras agus bheadh réidh. Díon do chur anuas gach bliadhain i nDeire Foghmhair. Bhíodh na tighthe san cluthmhar go leór.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. an teach cónaithe (~2,723)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Murt Ua Muircheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    12
    Seoladh
    Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Murt Ua Muircheartaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí