Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fíonán Ua Muircheartaig 14½ bl. – a athair Partalán 60 bl. Aontaighe agus Margadh:
Fadó
1. Is i gCill Orglan bhíodh na h-aontuighe gur dhein an Connaillach páirc aonaigh do sholáthair saor do mhuinntir Uíbh Ráthaigh i gCathair Saidhbhín. Bhíodh broid ro mhór ar chaoinibh dul ann istoidhche agus teacht as arís i ndeire na h-oidhche shiar.
2. Le dath éigin, nó tarra, nó lathach ar barr maide dheinidís na h-ainmhidhte do mharcáil
3. Do thugaidís airgead uatha i gcionn d’ionad an aonaigh
4. Bhíodh ortha i gcomhnuidhe lum phingin do dhíol le ceannuightheóiribh mar:
Caora – Raol nó sgilling
Capall – Seacht is raol, ½ sobharn nó sobharn do réir a luach
Beithidheach - ½ coróinn
Banbh – sgillingMargadh:
Bhíodh ar mhuinntir na h-áite dul go Corcaig le h-ím agus san allóid as treasna na sléibhte. Ghabhfadh sluagh díobh le chéile le capallaibh. Bhíodh de nós aca na feircíní chur i bpoll portaigh chun go mbeadh méadhcan maith ionnta, acht ar an dtaoibh eile deirtear gur thug a saothar seans mhaith do cáil ime Chorcaighe.
Is mó sgéal innstear mar dheadh i dtaobh amadáin Cill Mhic Ciarainn maidir le na cúrsaí ar bhóthar acht is dóigh liom so go raibh ortha na ionad ainm na géar chúise.- Bailitheoir
- Fíonán Ua Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Faisnéiseoir
- Partalán Ua Muircheartaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60