Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 236
- XML “Seanscoileanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fionán Ua Muircheartaigh Cill Mac Ciarainn a athair Sean Scoileanna(A)
Ar thaoibh an bhóthair i gcúinne ár móinféara, cois tighe Thaidhg Uí Shúilliobháin, bhí sean scoil. Bothán tighe bhí ann, ceann tuighe air agus trí fuinneóga ins na faillaibh. Bean Uí loingsigh a bhí ann agus í ag díol cíosa do Sheamus Ua Súilliobháin. Bhí binnsí agus stólanna ann. Leabhair agus páipéar aca. San 40 bl. ó shoin.
(B)
In n-aice tighe Mhichíl Uí Shúilleabháin bhí sean scoil eile agus b’é Fionán Ua Loingsigh beannacht Dé le na anam bhí ag múineadh ann. Bhí sé ann sar a tháinig go dtí an scoil nua - ár scoil. San níos mó na 60 bl. ó shoin.
(C)
I gClochán tá sean scoil eile acht scoláire bocht a bhíodh annsan agus é ar lóisdín i dtighthibh na bpáisdí. Fear de mhuinntir
(D) Ceann eile soir ó thuaidh tamaillín ón áit mar a bhfuil Droichead a Cillín léith indiu ar bhruach Caol a Phréacháin. Ros a Chlocháin a tugtaí ar an áit. Ag an am sain 1810 b’é Seán bacach Ó Síodhthcháin bhí ag múineadh ann (ón bhFaill Mór). Múintí Laidean ann. Is i dtighthibh na scoláirí bíodh cómhnuidhe ar Sheán agus ag an am san bhíodh bradáin go flúirseach sa sruthán agus aon am go mbíodh cómhnuidhe ar mo dhuine cois a Chaoil marbhuigheadh sé is d’íosfadh sé an iomad éisc agus an lá sin ní bhíodh le deunamh ag na páistibh acht é shíneadh ar an bhféar agus bheith á shuathadh anonn is anall ar eagla go bpléasgadh sé go sabhálaidh Dia sinn.- Bailitheoir
- Fionán Ua Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí