Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 232

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 232

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Leathanach 232
  3. XML “Ranna na Bliana Anso”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fíonán Ua Muircheartaigh 14½ bl. Cill Mac Ciarainn – a mháthair Siobhán bean Uí Mhuircheartaigh Cúmastabha

    Ranna na bliadhna annso

    (1) Laetheannta na Riabhaiche
    An dá lá deiridh do mhí na Mhárta agus an chéád lá do mhí an Aibreáin.
    An taighneas idir an Mhárta agus an bhó riabhach agus cionnus mar do fuair sé lá ar iasacht ón Aibreán le deire chur léi.

    (2) Gairbhshíon na gCuach. ( Scairfín )
    An chéád coicthiugheas do mhí an Aibreáin
    Is minic a bhíonn so go holc.

    (3) Fóghmhar na nGéanna
    Foghmhar San Mháirtín nó samhradh San Máirtín i mí na Samhna timcheall an t aonmhadh lá déág.

    (4) Na Faoillí
    An coichtigheas déidheannach de mhí Fheabhra. Deirtear " Muna líonfaidh na faoillí na fuarlaigh líonfaidh an Márta go bruach iad.

    (5) An Inid
    Ó Nodlaig bheag go Céadaoin na Luaithrigh
    Aimsir na bpósaidhthe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Fíonán Ua Muircheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    14
    Seoladh
    Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Siobhan Bean Uí Mhuircheartaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Com Dhá Stogha, Co. Chiarraí