Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 229

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 229

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Leathanach 229
  3. XML “Féilí agus Nósa”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Féilí agus Nósa
    Oidhche Lae Sain Sheáin
    Bíonn gasra an bhaile ar árdán agus teine mhór móna aca, craobhacha ó gach áird ann agus sgréachaigh is béicigh san aer míle ó bhaile uatha nuair a chasann na bladhmanna san spéir. Deintear turas na teineadh timcheall thabhairt go minic. Is ceart adeirtear fódh ón mbéilteach san a bhreith leat agus a chaitheamh isteach thar chlaide an gharrdha an oidhche sin chun go mbeadh prátaí chómh tiugh le grean agat.
    Lá Naomh Máirtín 11adh Samhna. Is ceart ainmhidhe éigin do mharbhú ins gach tigh an oidhche sin.
    Aoine an Chéasta
    Is ceart duit an méid síol is féidir leat a chur an lá san. Ní cuireann fo dhuine aon phráta go dtí go mbíonn meitheal an lae sin aca.
    Aoine
    Ní deineann aoinne malairt go dtigh nua an lá san nó fós i rith na h-Inide
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge