Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 201

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 201

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Leathanach 201
  3. XML “Caitheamh Aimsire Páistí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Caitheamh Aimsire Páisdí
    Fíonán Ua Muircheartaigh ón a athair.
    Cloch bhogha.
    Gabhlóg agus píosa ruibéir go gach beann. Leathar eatortha san.
    Crann Tabhaill.
    Píosa leathair fillte córda ar gach taoibh agus lúbh ag deire ar thaoibh chun méire chur isteach ann.
    Cliabhán éin do dheunamh.
    Fráma adhmaid deich n-órlaighe ar fhaid agus ar leithead. Córda ó gach cúinne agus maitín bheag ar san. Na meatháin sa bhfaid agus sa leithead i bpeidhríbh ag caolú ó bhun go barr. Annsan an faisgeadh agus an cor chun a choimeád go daingean. An bogha agus an maitín bréagach le na cur i bhfearras.
    Liathróid an gruaig na bó.
    I lár Mheithimh nuair a bheadh tarraingt agat air seadh is fearr. Annsan dorn de a fhliuchadh id’ bhasaibh agus é chuimilt go mbeadh cruaidh.
    Márblaí.
    As coinnlibh. Coinneal a leagadh. Píosa d’fhághail agus é dheunamh cruinn. Leigint do cruadhadh annsan. An locht si mó bhíodh ortha ná go mbrisfidís nuair bheidís deunta le fada.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Fíonán Ua Muircheartaigh
    Inscne
    Fireann