Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 198

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 198

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Leathanach 198
  3. XML “Cluichí - An Cruaichín Móna”
  4. XML “Cluichí - An Fear nó Bean mé?”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cluichí:-
    a. An Cruaichín Móna
    Bhíodh an luaith na chruaichín ar lic an teinteáin agus cipín ar lár. An tlúgh nó lúbán agat ag baint di annsan agus ag canadh leat amhail le (seo mo bhirín duit). Dá ndeinfá an cipín do leagadh bheadh ort dul ar lámhcan le súilibh dúnta agus chuirfí anuas ort gach a mbeadh sa tig go dtí go n’innseófa i gceart cad do bheadh ort.
    An t-Amhránín:-
    Bainfheadh sa díot sa a chruaichín móna.
    Laistiar síos do phlaice do thóna
    Airgead scuit puirt is póca
    Airgead mo bhó léithe chuireadh sa phóna
    Agus fógraim suas mo chruaichín móna
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
  2. An Fear nó bean mé.
    Bheadh dream fear i n-aice na teineadh agus raghadh duine amach agus chuirfeadh na daoine istigh ainm éigin air. Annsan bheadh air nuair a thagadh sé isteach a dheunamh amach tré chros cheistiúchán géar cad é an ainm a chuireadh air, mar leanas:-
    ‘An fear nó bean m?’
    ‘An bhfuilim óg nó aosta?’
    ‘An bhfuil céard agam’
    ‘An pósta dom’ דrl
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.