Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 197

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 197

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Leathanach 197
  3. XML “Dalladh Púicín”
  4. XML “Ceithre Chúinní an Amadáin”
  5. XML “Seo Mo Bhirín Duit”
  6. XML “Picí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seo mo bhirín duit:-
    Scata cois teineadh, bior dearg i láimh duine aca agus a deireann:
    “Seo mo bhirín duit” Freagra: “Cad is birín duit”
    ‘Bírín bí birín beo
    Má gheibheann mo bhirín bás
    Idir do dhá láimh, Beidh an trom, trom ort.’
    Leantar leis ó dhuine go duine agus an duine go bhfaghann an birín bás bíonn air dul ar chosaibh agus glúinibh ar thalamh agus cuirtear air an ‘Trom, trom’ agus muna bhfreagruigheann sé i gceart do’n cheist ‘Trom, trom’ cad tá os do chionn coimeádtar ann é go mbíonn ualach air acht má freagruigheann deargtar arís an bior agus tosnuigheadar ath uair.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Picí:-
    Seán Neamh Tomás
    Caol Ifrionn Mór

    Duine ag sáthadh cloiche roimis agus é ar chos a bocóid.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.