Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 195

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 195

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Leathanach 195
  3. XML “Triopall Treapall”
  4. XML “Maitín Buí”
  5. XML “Goid an Láir Bhán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Triopal Treapal:-
    Bíonn rud éigin ‘na láimh ag gach éinne sa rang. Seasuigheann páiste ar aghaidh an ranga agus deireann “Triopal Treapal, carraig a rascail
    An mó mac atá ag an Rí
    Mac indiu mac indé
    Duit se dul go cúl an tighe”
    An duine go críochnuigheann sé leis tugann sé pé rud bhíonn aige don duine i n-aice leis agus imthigheann thar doras amach. Cuirtear san i bhfolach air. Tagann isteach agus deireann “Bhfuil an císte ag bácáil” Deirid “Tá le fada.” Nuair is gar do é Deirtear á threórú “Fallaí teó is annsúd tá sé ag bácáil acht má bhíonn i bhfad uaidh deirtear “Fallaí fuara ní annsúd atá an císte ag bácaáil” leis an treórú aimsigheann ag deire.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. 11. Maitín Buidhe:-
    Beirt i bpáirc agus maide beag an duine aca. Maide ‘na sheasamh eatortha. Iad araon ag caitheamh leis agus an duine leagann é bíonn ar an duine é iomchur ar a dhrom turas.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. 111. Goid an Láir Bhán
    Cadhrán ag dall dá chosaint le maide agus so dá ghabháil aige
    “Goid, goid an láir bán
    Níor goideadh fós an láir bhán
    D’fhág sí an tsrathar, an tama agus an tiarach
    Ó bhóthar bhuidhe an bheaduidhe go doras tighe an ghaduidhe”
    Agus nuair deirtear leis “Goideadh í” Leanann le súile oscailte agus deireann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge