School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 190

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 190

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 190
  3. XML “Leigheasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Leigheasanna
    1. Cheap na sean daoine go raibh leigheas don Ruadh i bhfuil Bhreathnaig is dá mbeadh an Ruadh ar aoinne theigheadh fear do mhuinntir Bhreathnaig naoi maidin in ndiaidh a chéile is bhainfeadh sé braon fola as a chuislinn is sgríobhfidh sé ainm an té bheadh breóidhte timcheall ar an gcread. Bhí leigheas leis i bhfuil Cait Dubh acht do bfearr fuil Bhreathnaig go mór.
    2. Leigheas eile dho do beadh leamhnacht sé sin ainm a sgríobhadh timcheall ar an Ruadh le leamhnacht acht ná bheadh aon mhaith ann dá leigfí an t-árthas ar an dtalamh tar éis an baínne a chrúdh sar a sgríobfaí an t-ainm.
    3. Leigheas na naoi n-iarnaí.
    Giotaí d’fhághailt a bheadh deifreach mar smut do.
    a. Chrúdh capaill
    b. Chlúdach
    c. Sluasad
    d. Rámhainn
    e. Grafán
    f. Corrán
    g. Crúdh bróige
    h. Seastán
    i. Bolta
    Iad a chur sa teinidh agus annsan i thomadh i n-uisge nó bainne agus láithreach an mheirg do sgríobhadh dhíobh. An t-uisge nó leamhnacht do thabhairt le n-ól don ainmhidhe annsan nó ba shás maith don duine féin é dá mbeadh aon rud cearr leis.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Language
    English