Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 189
- XML “Naomh Pádraig”
- XML “Naomh Fionán Cam”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dómhnall Ua Cúrnáin, Málainn 48 bl.Naomh Pádraigh.Cé go ndeir lucht an tseanchais nár tháinig Naomh Pádraig riamh go Ciarraidhe deir na sean daoine gur tháinig go Bealach Oisín agus thur thóg sé a lámh i mbarr an Bealaigh agus thur sé a bheannacht uaidh siar nuair a dubhairt sé “Beannuighim uaim siar sibh, A Mhuinntir Uíbh Ráthaigh.”
- Naomh Fionán CamBhí Naomh Fionán Cam patrún na h-áite seo a mhair sa séamhadh aois. Bhí cill is ceall aige i n-Oileán an Teampuill agus tá tobar Fhionáin mar thobair bheannuighthe i gCathair Beárnach. Bhíodh cómhchalán annsan go tosach na naomhadh aois déag acht thárla ann gur marbhuigheadh fear mar bhíodh na síbíní cómhgarach agus a lán ar meisge. Cuireadh deire leis an gcómhchalán dá dheasgaibh san. San 16ad lá Márta bhíodh an lá mór aca. Bhí Eaglais ag Naomh Fíonán leis sa Priaireacht i gCill Áirne. ‘Fear mór árd é go raibh dronn air.’Nuair a bhí Naomh Fionán thiar sa Ghleann i gCill Imleach bhí sé ag dul isteach i mbád lá is tháinig tonn mhór – Ré Sac is dócha is do fhliuch san an Naomh go croiceann. Bhí sé ana mhór tré na chéile is dubhairt sé de phléisg “Tonn briste go bráth ionnat” is tá tonn briste i mBágh Fhíonáin riamh ó shoin is beidh go brádth.Domhnall Ua Cúrnaín Málainn 48 bl.
- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ua Cúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Seoladh
- Málainn, Co. Chiarraí