Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 189

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 189

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Leathanach 189
  3. XML “Naomh Pádraig”
  4. XML “Naomh Fionán Cam”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Dómhnall Ua Cúrnáin, Málainn 48 bl.
    Naomh Pádraigh.
    Cé go ndeir lucht an tseanchais nár tháinig Naomh Pádraig riamh go Ciarraidhe deir na sean daoine gur tháinig go Bealach Oisín agus thur thóg sé a lámh i mbarr an Bealaigh agus thur sé a bheannacht uaidh siar nuair a dubhairt sé “Beannuighim uaim siar sibh, A Mhuinntir Uíbh Ráthaigh.”
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. naoimh
          1. Pádraig (~489)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Dómhnall Ua Cúrnáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    48
    Seoladh
    Málainn, Co. Chiarraí
  2. Naomh Fionán Cam
    Bhí Naomh Fionán Cam patrún na h-áite seo a mhair sa séamhadh aois. Bhí cill is ceall aige i n-Oileán an Teampuill agus tá tobar Fhionáin mar thobair bheannuighthe i gCathair Beárnach. Bhíodh cómhchalán annsan go tosach na naomhadh aois déag acht thárla ann gur marbhuigheadh fear mar bhíodh na síbíní cómhgarach agus a lán ar meisge. Cuireadh deire leis an gcómhchalán dá dheasgaibh san. San 16ad lá Márta bhíodh an lá mór aca. Bhí Eaglais ag Naomh Fíonán leis sa Priaireacht i gCill Áirne. ‘Fear mór árd é go raibh dronn air.’
    Nuair a bhí Naomh Fionán thiar sa Ghleann i gCill Imleach bhí sé ag dul isteach i mbád lá is tháinig tonn mhór – Ré Sac is dócha is do fhliuch san an Naomh go croiceann. Bhí sé ana mhór tré na chéile is dubhairt sé de phléisg “Tonn briste go bráth ionnat” is tá tonn briste i mBágh Fhíonáin riamh ó shoin is beidh go brádth.
    Domhnall Ua Cúrnaín Málainn 48 bl.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.