Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 186

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 186

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Leathanach 186
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Is buan é fear 'na dhúthaigh féin...

    1. Is buan é fear ‘na dhúthaigh féin
    2. Is fusa gnó dá cainnt
    3. Is mór thaidhbhseach iad adharca na mbó thar lear
    4. Is leithide an chíste satailt ann.
    5. Is treise spuir ná bacaighe
    6. Is aoibhinn do fhear an Fhoghmhair.
    7. Is fearr marchaidheacht ar gabhair ná coisidheacht dá fheabhas.
    8. Is fearr focal sa chúirt ná púnt sa sparán
    9. Is maith an sgéalaidhe an aimsir
    10. Is mairg a thréigheas a dhuine gnait don duine dhá dtráth nó thrí
    11. Is mac duit do mhac go bpósfainn ach is inghean t’ingean go dtréigeann san úir
    12. Is mairig a bháidhtear le linn an anaithe mar tagann an ghrian i ndiaidh na fearthaine
    13. Is olc an síon an sioc acht is measa an síor bháisteach
    14. Is mairg ná caitheann an óige go maith.
    15. Is treise an dúthchas ná oileamhaint
    16. Is báidhiúil iad lucht éin-cine
    17. Is maith an bhean cháithte an ghaoth
    18. Is milis á ól é, is searbh a íoc
    19. Is maith leis an mná dealbha an bláthach.
    20. An rud adeir an saoghal is fíor é
    21. Ar shioc tosach na h-oidhche dhíol Fionn a bhróga
    22. An té go bhfuil náire air glasadh sé.
    23. An té roinn talamh na hÉireann níor fhág sé é féin chun deiridh
    24. An té atá suas óltar deoch, an té atá síos buailtear cos air
    25. An glór ná tuigeann an ceann is cuma é ann nó as
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
    Teanga
    Gaeilge