Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 184
- XML “Ceol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dómhnall Ua Curnáin d’innisCeólAn chéad port a mhúintear ar an bheidhlín A gharsúin an chaipín a bhfeacaís na caoirig
‘N’ fheaca’ ars’ an garsún mar ní fheadar cá mbíd siad
Síos go dtí an doras is suas go dtí an cúinne
Sgeiml’ ort a thoice mar an deacair tú mhúineadhThugamar féin an Samhradh linn
Thugamar féin an Samhradh linn
Thugamar linn é is cé bhainfidh dinn é
Thugamar féin an Samhradh linnPort a deineadh tar éis bualadh Cluain TairbhFalionn is Falionn is Failionn Uí Mhuineacáin
Falionn chruaidh chasta is nár chaillfidh sí coidche brobh
Falionn is Falionn thairbfinn do Laighneach í
B’fhearr liom i leathadh mar easair fám’ chaoirigh í
Falionn is Falionn is Falionn Uí Mhuineacháin
Falionn chruadh chasta is nár chaillfidh sí choidhche brobh
Falionn is Falionn ní tharfinn don Ultach í
B’fhearr liom í leathadh mar easair fám’ gharrdhaibh íPort é seo chun leanbh a chur chun suain. Is dócha go bhfuil sé ana críonda. Níor chuala an chuid mar gheall ar Chonnacht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ua Cúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Málainn, Co. Chiarraí