Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 172
- XML “Seanráite”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Ráidhte 1. Deire gada gorta
2. Sainnt naoi naonbhar an duine gan clainn
3. Buail do cheann i dteannta na h-iarta
Is geobhair pé snuachair órduigh Dia dhuit
4. A bhuachaill beidhir buadhartha go bpósfair
Is ann san beir buadhartha do dhóthain
5. Cáirde go Cáisg – cáirde go bráth
6. Imthigheann an bhó leis an bhfaill
Ach fanann an mheidhl ar an mhnaoi
7. Dá luaithe é do theine seadh is luaithe do ghó
8. Is fearr gadhar ag rútáil ort ná gadhar ag amhstraig
9. Trí ní nách féidir iad d’fhoghluim – guth, féile, filíocht
10. Beatha duine a thoil
11. Bean mar mhuic, bean mar chirc nó ban mar chaora
12. Bean mhic agus máthair a chéile mar bheadh cat agus luch ar aghaidh a chéile
13. Blais an bhiadh agus íosair é
14. Bean Domhnaigh, chapall Shamhradh, nó bó aonaigh (nidhthe nách féidir dul amach ortha)
15. Bíonn ceann Caol ar an óige
16. Bíonn blas milis ar phraiseach na gcomharsan
17. Buail an t-iarainn faid tá té.
18. Bád gan stiúir nó cú gan eirbeall
19. Beann a itheann féar.
20. Beathuigheann an fághaltas an tuirse
21. Bíodh rud agat féin nó bí ‘na éaghmais
22. Bíonn nó rothaí ag casadh
23. Biadh agus deoch na Nodlag agus éadaighe nua na Cásga(leanann ar an chéad leathanach eile)