Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 166

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 166

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Leathanach 166
  3. XML “Piseoga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Piseóga – Dómhnall Ua Cúrnáin d’innis
    Maidin Lae Bealtaine
    1. Aon teine do dheunamh síos an mhaidin sin go dtí tar éis eadarshaith mar bhíodh droch dhaoine ag imirt piseóga ar na ndeataig agus deiridís le gach aon deatach a chídhfidís “Im an deataig sin ar mo chuid bainne.”
    2. Uisge na trí dteorainn.
    Bíodh de nós ag dream eile dul leis an mhaidin bealtaine agus uisge na dtrí dteórainn do thógaint sé sin sa áit go mbeadh trí bhaile ag teacht i gcoinnibh a chéile agus nuair a thógfaidís an t-uisge sin bheadh im ‘na dtrí bhaile aca san i rith na bliadna sin. San dá chleachtadh agus áit a dtéidheann Caol an Leathair isteach go Caol Mhóir mar tá Málainn, Dromaireach agus Cill mac Ciarainn sa teorann ag a chéile annsan.
    3. Teine do bhreith amach.
    Bheireadh droch daoine im leo le teine do bhreith amach as tig go mbeadh cuigeann sa mheidhir ar leic an teinnteáin nú in aon bhall sa chistin. Chuala gur chuaidh bean isteach i dtig mar a raibh cuigeann déantas is bhí táilliúir ag obair cois na fuinneóige. Chuaidh bean an tighe amach go seómra an bhainne ag d’iarraidh drallaig chun an teine a bhaint den chuiginn. An neómat a bhí sí ar an dtaobh amuigh do dhorus do
    rith an bhean seo go dtí an teine agus d’árduig léi spré teineadh. Bhí piseóg ag an táilliúir chun an spré a bhriseadh is thuit an spré ina’ mhiotáibh beaga ar an úrlár.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Dómhnall Ua Cúrnain
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Seán Ruadh Ua Súilliobháin
    Inscne
    Fireann