Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 162

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 162

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Leathanach 162
  3. XML “Pósaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fíonán Ua Muircheartaigh Cill mac Ciarainn 14½ bl. a mháthair 48 bl. Cúmastabha
    Pósaidthe
    Nósa na Sean
    A. Má dheinidís cleamhnas lá do phósaidís lár na mháireach
    B. Ní phósadh aoinne go dtagaid an Inid
    C. Théighidís an cómhgair ba ghiorra chun an t-séipéil
    D. Níor phós siad go h-am a’ mheádhon oidche
    E. Dearmhad éigin a dheineadh a dhein an t-am a athrú go maidin
    Cleamhnas:
    Bhíodh stócach ag gach dream a thugadh le chéile iad. Annsan théighidís do’n chathair chun a chleamhnais do shocrú agus dá mbeadh réidhteach thagaidís an lá eile chun an feirme d’fheiscint agus do pósfaí iad an lá ‘n dhiaidh san.
    Na h-Éadaighe.
    Bhíodh an plainnín ortha araon acht go mbíodh clóca breágh ar an g-cailín ar costas thrí púint.

    Cóisire:
    I dtosach na capaill, annsan na cearrana cliathánacha ar thuras an lae. Oidhce Scléipe, damhsa, is mórán le n-ithe agus le n-ól an oidhche sin i dtigh an cailín.
    Buachaillí Tuighe
    Thagadh sluagh mar sin, daithte agus tuighe timcheall ortha go dtí an tigh gan cuireadh gan iarraidh. Roinnfí eatortha biadh agus deoch agus tabharfaoi céad rinnce dóibh. Annsan imtheóchaidís arís.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Fíonán Ua Muircheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    14
    Seoladh
    Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí