Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 159

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 159

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Leathanach 159
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí bean ann fadó. Beaintreabhach do beadh í...

    Pádraig Ua Súilliobháin Cúmastabha 70 bl.
    1.
    Bhí bean ann fadó. Baintreabhach do b’eadh í. Bhí triúr mac aici agus buachaill aimsire darab ainm do Brian. Chuaidh Brian lá go dtí an tráigh. Bhí árd mheas aici air. An lá san bhí sí ag sníomh is chualadh mac léi ag amhrán í acht níor thuig sé í. Chuaidh sé go dtí an doras shiar a’s do labhair sí annsan ós árd.
    Adhbhar léine, Adhbhar léine
    Abhbhar léine do Briain
    Adhbhar léine, dhá léine
    Trí léine sa bliadhain
    As an cuid eile anairt i n-ainm an Diabhal
    Tháinig an mac isteach. Do láimhseáil sé an tuagh agus do chuir suas faobhair. “Bainfead an deann do Bhrian anocht” ar seisean. ‘B faire ná dein.’ “Is fear maith Brian chun an tigh a chomeád díbh” ar sise. “Má mharbhuigheann tú Brian cá mbeidh an méid a thuill sé raimh uainn le fághail agus rud eile crochfaidh a muinntir sinn.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ua Súilliobháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Com Dhá Stogha, Co. Chiarraí
  2. (gan teideal)

    Bhí cailíní theas i gCathair Sabháin a chuaidh go lóthar chun iasc do cheannach...

    Bhí cailíní theas i gCathair Sabháin a chuiadh go Lóthair chun iasc a cheannach. Nuair a thángadar abhaile ‘sé ans sgéal bhí aca ná go ndéarfaidís gur thugadar raol sa bhreis ar an iasc. Bhí Seán ns Saoi ‘na chodhladh mar dheadh. D’eirig sé agus dubhairt
    Chuaidh a dá Mháire
    Cáit agus leán
    Agus soláthar éisc chun an tighe
    Thángadar san áit na raibh daor
    Agus coimeádadar raol chun an dighe.
    Bhí sé chun tuille a rádh acht do tugadh fiacha an tobac do.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.