Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 154

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 154

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Leathanach 154
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)
  5. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí scata buachaillí i dtig éigin i Súgréine oidhche Shamhna timcheall 40 bl ó shoin...

    Úna Ní Fiadhnachta 13 bl. Cill Mac Ciarainn
    Mícheál Ua Fiannachta 72 bl. a h-athair
    Bhí scata buachaillí i dtig éigin i Súgréine oidhche Shamhna timcheall 40 bl. ó shoin. Thárla go raibh ubhall breágh ag duine aca agus do chrochadh ón lochta é. Bhí fear ann nár ith ubhall riamh á léim suas chun an ubhall d’fhághailt. Chuaidh an t-ubhall isteach ‘na bhéal. Níor fhéad an diabhal bocht cainnt is dubhairt duine eile “A chonác san ort a mhic ó mar is ort a bhí an sgannradh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Bhí buachaill ag obair ag feirmeóir uair...

    Eibhlín Ní Shúilleabháin
    Mealliarcán 13 bl. a máthair 36 bl.
    Bhí buachaill ag obair ag feirmeóir uair. Oidhche chuaidh sé amach ag imirt cártaí go tigh comharsan. Nuair a tháinig ar ais chualadh sé mar cheap sé criogar i bpóca bríste an fheirmeóra. Thóg anuas é agus léim air d’fonn an criogair do mharbhú. Do stad an criogar. Ar mhaidean ‘na dhiaidh san nuair d’éirig fear an tighe chuaidh sé go dtí a bheist féachaint cad é an t-am é. Do bhí an t-uaireadóir ‘na bhrus aige.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
      2. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Meall an Ghiorcáin, Co. Chiarraí
  3. (gan teideal)

    Bhí bhean thiar ar an ngleanntán agus go phós sí a hinghean le fear cois Íne...

    Brighid bean Uí Dhálaigh 84 bl.
    Bhí bhean thiar ar an ngleanntán agus do phós sí a h-inghean le fear cois Íne. Fear de mhuinntir Shúilliobháin do b’eadh é agus bhí leas-ainm ortha na bocáin. Bean breágh do b’eadh an cailín acht níor thaitn an áit le na máthair as dubhairt sí.
    Chuireas mo chailín aoibhinn gléigeal
    Go imeall cnoic is sléibhte
    Gan ann acht luacháir gléigeal
    A's bocánín cnoic
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.